Eligible/ Ineligible Funding
Festival & Event Expenditure
Eligible Items
- Programming of Events/Activities associated with the Festival/ Event: Expenditure on activities and events included in the festival programme which has not received grant aid from other public bodies
- Marketing Activity: This may include advertising, public relations, digital marketing and similar activities. Eligible costs may also include the cost of site-branding the location during the event.
- Development Activities: For example feasibility studies, training and branding consultancy activities may be covered on a once off basis and once it is clearly of long-term benefit and or/raises the festival or participative event’s profile. If a grantee intends claiming for Development Activity it must be agreed in advance and noted in the Letter of Offer.
- Operational costs/overheads/administrative expenses related to the delivery of the event being funded, for example: phone, office supplies, postage, photocopying.
- Travel costs and expenses for artists/performers (but not for event organisers or committee members).
Ineligible Costs
- Hospitality costs: Food, accommodation and subsistence for the festival delivery team including any volunteers.
- Travel and related costs unless expressly allowed in the letter of offer, other than those relating to artists/performers.
- Capital Costs – for example:
- The cost of items for resale e.g. merchandise, except where it can be demonstrated that they will deliver significant benefits and where they have been expressly allowed in the Letter of Offer
- Building expenses including rent, purchase, works and maintenance unless related specifically to the delivery of the festival.
- Purchase of equipment, which is not solely for the purpose of producing and delivering the Festival/Event.
- Activities which have been or are being grant aided by other public sources (except where this co-funding arrangement has been acknowledged and expressly allowed in the letter of offer).
- Activities that duplicate activities that Waterford City & County Council or Visit Waterford is already undertaking.
- Activities undertaken outside the dates as specified in the Letter of Offer.
- Recoverable VAT.
- In-kind contributions.
- Fines, penalty payments, legal costs, audit fees, financial consultancy fees.
- Trade Association membership fees or equivalent.
- Cash expenditure.
- Contributions to third parties or charitable organisations.
Caiteachas Féilte & Imeachtaí
Míreanna Intofa
- Cláreagrú Imeachtaí nó Gníomhaíochtaí a bhaineann leis an bhFéile nó leis an Imeacht: Caiteachas ar ghníomhaíochtaí agus ar imeachtaí a áirítear le clár na féile, agus nach bhfuair cúnamh deontais ó chomhlachtaí poiblí eile.
- Gníomhaíocht Mhargaíochta: Féadfaidh fógraíocht, caidreamh poiblí, margaíocht dhigiteach agus gníomhaíochtaí dá leithéid a bheith san áireamh leis seo. Thairis sin, féadfaidh costas na brandála ar an láthair i rith an imeachta a bheith san áireamh leis na costais intofa.
- Gníomhaíochtaí Forbartha: Mar shampla, is féidir go gclúdófar staidéir indéantachta, oiliúint agus gníomhaíochtaí sainchomhairleoireachta brandála ar bhonn aonuaire agus chomh luath agus a bhíonn sé soiléir go ndéanann sé tairbhe fhadtréimhseach agus/nó chomh luath agus a chuireann sé leis an iomrá ag an bhféile nó ag an imeacht rannpháirtíoch. Má bhíonn sé de rún ag deontaí éileamh a chur isteach ar Ghníomhaíocht Forbartha, ní foláir an méid sin a chomhaontú roimh ré agus a nótáil sa Litir Thairisceana.
- Costais oibríochtúla/ forchostais/ caiteachais riaracháin atá bainteach le seachadadh an imeachta atá á mhaoiniú, mar shampla: guthán, soláthairtí oifige, postas, fótachóipeáil.
- Costais taistil agus caiteachais i leith ealaíontóirí/ taibheoirí (ach ní íoctar astu sin i leith eagraithe imeachta ná baill den choiste).
Costais Neamh-intofa
- Costais fáilteachais: Bia, cóiríocht agus cothú do bhuíon seachadta na féile, lena n-áirítear aon oibrithe deonacha.
- Costais taistil agus costais ghaolmhara ach amháin mar a gceadaítear go sainráite iad sa litir thairisceana, seachas iad siúd a bhaineann le healaíontóirí/ taibheoirí.
- Costais Chaipitil – mar shampla:
- Costas míreanna lena n-athdhíol, mar shampla: earraí marsantais, ach amháin mar ar féidir é a thaispeáint go ndéanfaidh siad tairbhí suntasacha agus más rud é go gceadaítear go sainráite iad sa Litir Thairisceana.
- Caiteachais fhoirgnimh lena n-áirítear cíos, ceannach, oibreacha agus cothabháil ach amháin mar a mbaineann siad go sonrach le seachadadh na féile.
- Ceannach trealaimh, nach ndeintear d’aon toisc chun an Fhéile nó an tImeacht a léiriú agus a sheachadadh.
- Gníomhaíochtaí a bhfuil cúnamh deontais bronnta nó á bhronnadh ina dtaobh ag foinsí poiblí eile (ach amháin mar a bhfuil an socrú cómhaoiniúcháin seo aitheanta agus ceadaithe go sainráite sa litir thairisceana).
- Gníomhaíochtaí a dheineann dúbláil ar ghníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl cheana ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge nó “Tabhair Cuairt ar Phort Láirge” (Visit Waterford).
- Gníomhaíochtaí atá ar siúl lasmuigh de na dátaí atá sonraithe sa Litir Thairisceana.
- CBL in-aisghabhála.
- Cúnaimh chomhchineáil.
- Fíneálacha, íocaíochtaí pionóis, costais dlí, táillí iniúchóireachta, táillí sainchomhairleoireachta airgeadais.
- Táillí ballraíochta Comhlachais Trádála nó a macasamhail.
- Caiteachas airgid.
- Ranníocaíochtaí le tríú páirtithe nó le heagraíochtaí carthanúla.